Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 243](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0085%2FCBES_0085_243.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 243
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaith an gasúr an sagart san uisge agus dubhairt sé "Má tá an diabhal orm anois ní bhéidh sé orm níos mó. Shíl an gasúr gurbh é an sagart an diabhal a bhí air (ar a dhruim). Bhí an sagart ag iarraidh cur i gcéil do'n ngasúr gur cleasaidhe bhí ann ach ní hé an míniú céadhna a bhain an bheirt as
"Tá an diabal ort"
Na dhiaidh sin chuaidh an gasúr go teach pobail agus chuaidh sé isteach ar inntinn faoisdin d'fágháil. Chuaidh sé isteach chuig an t-sagairt agus d'innis sé faoi'n chorp. Annsin dubhairt sé leis an sagart go raibh fhios aige áit 'na raibh pota óir. Bhí go maith bhí fhios ag an ngasúr nach n-abhrochadh an sagart tada leis nuair a d'innis sé fao'n ór. Dubhairt an sagart leis an ngasúr gan innsint do dhuine ar bith fao'n bpota óir. 'Na dhiadh sin thug an sagart an gasúr leis go dtí a theach agus thug sé féasta dhó. Is cosamhail gur shíl an sagart go bhuigheadh sé chuid de'n ór. Nuair a bhí an féasta thart d'iarr an sagart ar an ngasúr innsint dhó cé'n áit 'na raibh an tór. Bhoil anois arsa an gasúr tusa an duine an dubhairt liomsa gan innsint do dhuine ar bith cé'n áit 'na raibh an t-ór. Coinnneóchaidh mise mo gheallamhaint. Nuair a chuala an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo