School: Caurane (roll number 13175)

Location:
Caurans Lower, Co. Mayo
Teacher:
P. Mac Giolla Gaileng
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caurane
  2. XML Page 253
  3. XML “Pluais an tSagairt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Choingbhuigh seisean an rún ón-a mhnaoi féin gidh gur minic a chuireadh sí ceist air cá mbíodh a thriall chuile mhaidean roimh an lá nuair a d-éirigheadh sé agus thugadh sé leis mála bidh a bhíodh réidh aige ó oidhche. Ba chuma cé'n cineál aimsire a bhíodh ann níor leig an dríotháir maidean ar bith thart gan cuairt a tabhairt ar an sagart, agus a Thighearna, ba roimhe a bhíodh an fháilte. Ní bhíodh sgéal ag imtheacht nach mbíodh leis chuig an sagart agus d'innsigheadh an sagart dó a chuid eachtraí féin, na daoine a chuir sé an Ola Dheiridh ortha, iad seo ar bhaist sé leanbh dhóibh agus, ar ndóigh iad seo ar chuir sé ceangal an phósta ortha. Nuair a bhí an sagart corrlach le bliadhain san bpluais bhí corrspiadóir ag teacht isteach go h-Acaill, mar fuair siad fios go raibh an t-Athair ÓGallachúbhair i bhfolach ann in-áit eicínt Bhí imnidhe ag teacht ar dhríotháir an t-sagairt faoi seo go mór mhór nuair a chuala sé fuagairthe é go raibh an oiread seo airgid le fagháil ag an t-é a bhéarfadh eolas cá raibh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Location
    Achill Head, Co. Mayo
    Collector
    Micheál Mac Con Tuille
    Gender
    Male
    Address
    Caurans Lower, Co. Mayo