School: Caurane (roll number 13175)

Location:
Caurans Lower, Co. Mayo
Teacher:
P. Mac Giolla Gaileng
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caurane
  2. XML Page 272
  3. XML “Sail Óg Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Gearchaile ghleóidthe sgiamhach b'ead Sail.
    Gruag fhionnruadh ag tuitim i n-a duala trillseacha anuas ar 'chaon taobh de aghaidh lághach, chineálta agus gan samhail ar bith le tabhairt duithe acht ní ríoghain mhaorda a bhfuil trácht ortha sa bhfiannaidheacht.
    Bhíodh sí i gcómhnuidhe in éinfeacht leis na driotháireacha ar Aifreann, aonach agus margadh, agus ba dhoiligh clann eile a fhágháil a bhí comh dílis d'a chéile leis an gclann seo.
    Thárla gur casadh na Breathnuigh le sgata caorach ar aonach Bhéal a Mhuirthid tráth agus bhí sin aca an sgata a b'fhearr ar an aonach. Bhí ceannachóirí ag teacht agus ag breathnughadh ar na caoirigh agus corr-duine aca ag cur luach ortha agus ag imtheacht leis aríst.
    Amach faoí meadhon-lae tainic ceannachóir O ceanntar Caisleán a Bharraigh thart agus beannuigh sé do na Breathnuigh agus beannuigh siad-san dó
    Bhí sean-aithne acha ar a chéile agus níor fada go raibh na caoirigh díolta ceannuighthe, an bonn-tsochar tugtha agus an béaléist dhá ól. Bhí Sail i láthair ag an mbéal-éist, agus ba é seo an céad uair ariamh a leag an ceannachóir súil uirthí gidh gur mion minic a cuala sé cainnt uirthí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Con Tuille
    Gender
    Male
    Address
    Caurans Lower, Co. Mayo