School: Caurane (roll number 13175)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: P. Mac Giolla Gaileng
![The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 279](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0093%2FCBES_0093_279.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 279
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane
- XML Page 279
- XML “Leathbhaile an Rí - arís”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leath Bhaile An Ríog - arís.Tá baile beag gar do'n sgoil seo darb ainm Leath-Bhaile an Ríogh. Ins an mbaile beag sin tá loch darb ainm Loch Leath-Bhaile an Ríogh, agus tá sean sgéal ag baint leis.
Bhí fear agus a bhean céile in a gcomnuidhe ar bhruac an locha sin fadó. Bhí triúir mac agus beirt ingean aca. Bhí neart le n-ithe is le n-ól aca acht mó bhrón sar i bhfad fuair an bhean bhocht bás agus d'fág sí a fear agus a clann go caointeach cráidhte in a diaidh.
Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Lá amháin nuair a bhí an fear ag obair i bPáirc gar don loch bhí an mac b'óige in éinfeacht leis. Cheap an t-athair go raibh sé ag(continues on next page)- Informant
- Mártan Ó Mórán
- Gender
- Male
- Address
- Levallinree, Co. Mayo