School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 114
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deireann na sean daoine nuair a bhíonn faínne buidhe timcheall na gealaighe go mbéidh se ag cur feartaine an lá n a diaidh sin. Nuair a bhíos na réalta go han geal beidh an la in-a-dhiiadh sin maith. Nuair a bhíos an cat in-a shuidhe ag an teine agus a dhruim leis an teine agus a aghaid amach bhíonn aimsear stoirmeamhail agus fluic ag teacht.
Nuair a bhíos an ghaoth adtuaidh ag teacht, béidh sneachta ann nuair a bhíos sí ag teacht o dheas beidh se teas ann. Deirtear nuair a bhíonn torann mór ag an traen go mbéidh sioc ann. Nuair a bhíos ceó ar na haibhnibh ins an maidin. Lá breág atá ag teacht nuair a bhíos ceó ar na sléibhe, lá fearthainne a bhéidh ann mar deireann na sean daoine "ceó doininne ar cnocaibh, seó soininne ar aibhnibh, ach amanta nuair a bhíos ceo ar na sleibhe trathnóna smahraidh dereann na sean daoine go mbéidh lá breágh ann, an lá in-a diaidh sin "ceo bán" a bhíos ar na sleibhte lá samhraidh.
Nuair a taghann scata mhór faoileann as an bhfairrge steach i dtír, bionn storm mór ar an bhfairrge agus nuair cíonn na faoilinn an storm ag teac eitleann siad isteach i dtír.
Ins an trathnóna nuair a bhionn an ghrian ag(continues on next page)- Collector
- Martan Mac Chuimlín
- Gender
- Male
- Address
- Gort, Co. Mayo