School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 194
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”
  4. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nó mar sin agus dfeach an bó thart uirri agus do chonnaic sí an bainne ar an dtalam faoi agus tháin fearg uirti agus rith sí chomh mear leis an ngaoith agus do chuir sí "marc" na gceithre cos ar chloic agus tá rian acos le féiceil ar an chloic sin fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Deireann na sean daoine nach ceart a bheith ag caoineadh má doirtear bainne irt mar uair amhain do bhí bean ag crúd bó agus do bhí canna aice le h-aghaidh an bhainne. Nuair a bhí an bhó blighthe aice d'fhág sí an canna sí an canna ar an dtalamh in aice leis an mbuin chun go dtógfadh sí an stól ar a raibh sí suifhthe. Do bhuail an bhó an canna le na cois agis do doirt sí an bainne Do bhí buile ar an mnaoi agus do bhuail sí an bhó go h-an chruaidh. Annsin do chuaidh sí amach an maidin in a dhiaidh sin chun an bo do chrúdh do bhí an bhó imthighe. Deireann na daoine gur iad na sidheoga a ghoid an bhó mar do bhí bainne ag teastail uata agus nuair do bhuail an bhean an bo dubhairt na sidheoga nár cheart bó a bheith aice agus sin é an fáth gur goideadar e.
    "Maoilín" a tugamar ar dhé cheann des na buaib mar níl aon adhara ortha. "Reily" a thugamar ar ceann eile aca, do cheanneamar i ó fear darbh ainm Riobard Reily agus Reily a thugamar uirte i gcomhnaidhe in a dhiaidh sin, "An bó dhonn" a tuhamar ar an gceann eile mar ta dáth donn air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Brígidh Ní Chuimilín
    Gender
    Female