School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 208
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin in Éirinn fuair a lán daoine bás le ocras. Do bhí biadh ag cuid aca mar do cuireadar prataí acht uaireannta chuaidh na daoine a raibh ocras ortha isteach ins na páirceanna agus d'itheadar na sgiolláin as na h-iomaraibh.Aon lá amháin le linn an gortaigh bhí fear ag dul isteach í bpáirc agus do bhí díog idir an fear agus an páirc. Bhí an fear chomh lag sin is do thuit sé isteach sa díog agus fuair sé bás annsin.Tá páirc idir Gort agus Largan ar a tugtar "Gaírdín an Guirt" mar deirtear gur cuireadh a lán daoine annsin a fuair bás leis an ngorta.Is minic a chuala mé mo mháthair ag rád nuair a bhí an faobhras in Éirinn go marbhuigheadh na daoine na paistí óga ar maidin agus go gcuiridís an páiste a marbuighidís i bhfolach agus nuair a thagadh an oidhche deantaí teine mor le brosna agus fraoc. Nuair a bíod an teine lasta geibhtí an cáilín nó an buachaill a mharbhuigh siad ar maidin agus d'fagtaí ar an teine é. An fhaid is a bíodh siad gá rósta ar an teine bíodh átas ar na daoine a bíodh a' fanamhaint leis. Nuair a bhíodh an páiste réidh thogtaí amach é agus d'ithi é. Bíodh athair agus máthair an pháiste ag troid cun an páiste a fhághail do féin le n-ithe.
- Collector
- Máiréad Ní Chuimilín
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo