School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 88
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá corr áit ins an ndúthaigh seo in a bhfuil ór i bhfolach. Tá ór i bhfolac i gCnoc a Ghleanna in n-aice tighe mo sheana mháthar ag bun an chnuic . Fadó do léighidh sagart an Aifreann ins an áit seo. Tá dhá chloic in aice a chéile i bpáirc i gCnoc ghleanna. Aon lá amháin bhí fear ag dul thar an áit sin. Chonnaic sé firín beag bídeach in a shuidhe ar an clochaibh. D'fhiafruigh an fear d'en bhfirín an raibh fhios aige cá raibh ór le fághail ."Tá ór in aice na cloiche sin " arsan firín beag. Chuaidh an fear abhaile le haghaidh spáid.D'Fhéac sé thart timcheal na h-áite in a raibh an leipreachán . Chonnaich se raithneach ins an bpáirc . Thosuigh se ag cartadh fe na clochaibh . Chuala sé ghuth a rád 'chuir síos an cré sin nó ní bhéidh tú beó bliadhain O'n am seo aris "Tháinig sceon ar an bhfear agus chuir é síos an cré
Oidhche eile bhí sé ag teacht abhaile in aice na h-áite(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Rabhlaigh
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo
- Informant
- Seán Mac Rabhlaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort, Co. Mayo