School: Gort Sceithe (roll number 13062)
- Location:
- Gortskehy, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Cléirigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Sceithe
- XML Page 170
- XML “Cailín an Luaithrigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr cailíní in a gcomhnuidhe in éinfeacht le n-a máthair. Bhí beirt aca an-bhródamhail asta féin, acht níor fhág an thríomhadh cailín an teinteán ariamh, mar bhí sí beagainín bacach. "Cailín an luaithridh" a bhí mar ainm uirri. Acht mar sin féín is uirthi is mó a bhí grádh na máthar.Dubhairt an cailín ba shine le n-a máthair lá go n-imtheóchadh sí ag cuardach a fortúín. "Maith go leor a inghean ó, " ars a máthair, "ní chuirfidh mise cosg leat. Déanfaidh mé trí cístí míne duit. Cé aca b'fhearr elat, trí cístí móra agus mo mhallacht nó trí cítí beaga agus mo bheannacht? Tú fhéin agus do mhallacht," ars an cailín. "Is beag an beann atá agam-sa (?) ar do mhallacht. B'fhearr liom na cístí móra."Tugadh na cístí móra dhí, agus thug sí an(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Cléirigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Annefield, Co. Mayo