School: Log Buidhe (roll number 15539)
- Location:
- Lugboy Demesne, Co. Mayo
- Teacher: Seán de Crúis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Log Buidhe
- XML Page 050
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áit-AinmneachaBhíod ainmneacha ag na sean-daoine ar gach páirc is gorth agus sruthán agus eile ar a d'talamh féin.
Tá páirc imbaile sa-guinne ar a d'tugtar an t-ainm "lios".
Bhí sgealta ag na sean-daoine fá an bpáirc sin agus deirtear go raibh lios annsin fadó agus chomhnuighe na sideóga ann.
Bhí fear ina chomhnuidhe imbaile sagainne agus bhí a teach bheag ar an bpáirc sin. Bhí bhó agus laogh aige agus bhíodar a' féireacht ar an bpáirc agus nuair tháinigh an trátnóná chuaidh an sean-fhear amach sa bpáirc agus ní fheadfadh leis an bhó a' fheiceál in áit ar bith agus fá dheireadh tháinigh an laogh chuige agus é ag géimneach agus a' rith.
Shíl an fear go raibh an bhó ag bun na páirce agus chuaidh sé chomh fada leis an lios.
Fuar sé an bhó ina luighe fá chran[n](continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Róiste
- Gender
- Female
- Address
- Ballynastockagh, Co. Mayo
- Informant
- Mártan Ó Fionnagáin
- Gender
- Male
- Address
- Ballynastockagh, Co. Mayo