School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)

Location:
Srahnamanragh, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Eachmharcaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sraith na mBannrach
  2. XML Page 18
  3. XML “Cearbhall Ó Dálaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Ó thárla go bhfuil tú ag imtheacht,” dubhairt fear a’ tighe, “seo sgilling dhuit le h-aghaidh an bhóthar.”
    D’imthigh Cearbhall leis agus bhuail sé an bóthar gur casadh sgoláire bocht leis. Tháinig cioth mór fearthainne orthu agus chuadar ar fasgadh. Chonaiceadar cnap mór dorcha ag teacht anuas ar an spéir agus amach ar an gcnap tháinig tarbh a thosuigh ag ithe i ngar do’n bhuin a bhí taobh istigh de’n chlaidhe.
    “D’aile,” ars an sgoláire bocht, fear nó bean ar bith a d’ólfadh bainne na bó sin sul a mblaiseadh an gamhain de ní bhéadh rud ar bith dó-dhéanta air. D’imthigh Cearbhall agus níor stad go ndeacha sé go dtí an duine uasal dar leis í agus d’iarr sé obair ar an duine uasal. D’fhiafruigh an duine uasal de céard a bhí sé ábalta a dhéanamh. Dubhairt Cearbhall leis nach raibh sé ábalta tada dhéanamh acht go raibh sé i na sgoláire mhaith.
    “Is tú theastuighear uaim,” ars’ an duine uasal, “ag múineadh mo chlainne.”
    An uair a mheas Cearbhall go raibh am na bó istigh bhíodh sé ag tabhairt aire dhi, agus nuair a rug sí an gamhain chuaidh Cearbhall agus tharraing trí spotha ar a cuid ballán agus d’ól.
    Chomh luath agus bhí aimsir Chearbhaill caithte, dubhairt sé leis an bhfear uasal go mbéadh sé ag imtheacht. Dubhairt an fear uasal nach mbéadh agus go dtiubhradh sé a inghean le pósadh dó.
    Lá ar n-a bhárach bhí Cearbhall ag spaisteóireacht ar an tsráid agus tháinig duine bocht chuige ag iarraidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac An t Saoi
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballycroy, Co. Mayo