School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 19
- XML “Cearbhall Ó Dálaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)déirce agus thug sé sin dó.
“Gabh ’steach annseo,” arsa Cearbhall leis an duine bocht, “agus taisbeanfad an bhean is breághtha i nÉirinn dhuit.”
Chuaidh an duine bocht isteach go bhfaca sé an bhean óg agus nuair a chonaic, chraith sé a cheann. Níor labhair Cearbhall go ndeacha an duine bocht amach. Lean Cearbhall amach é.
“Cé’n fáth,” ar seisean leis an duine bocht, “ar chraith tú do cheann?”
“Tá fáth agam leis,” ars’ an duine bocht. “Tá sí thíos i gCúige Uladh an bhean is breághtha i nÉirinn—inghean tighearna.”
Chomh luath agus chuala Cearbhall sin d’imthigh leis agus níor stad gur shroich sé Cúige Uladh agus fuair sé an tighearna ag déanamh caisleáin mhóir de theach. Sul tháinig sé i láthair an tighearna ghléas Cearbhall é féin i gculaith saor cloiche agus cheannuigh ord agus liaghán. Annsin chuaidh agus d’iarr obair ar na caisleoiribh agus fuair obair uathu.
Bhí sé mall ar maidin agus d’iarr sé ar an máighistir céard a bhéadh sé dhéanamh an fhad a bhéidís ag a mbricfeasta. Dubhairt an máighistir leis a bheith ag déanamh cait agus dhá earball agus cait eile gan aon earball ar bith ar an mballa.
’Teacht dóbhtha bhí cat agus dhá earball déanta ag Cearbhall agus cat eile gan aon earball ar bith agus chuir sé iongnadh mór ar na fearaibh. Nuair a(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac An t Saoi
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballycroy, Co. Mayo