School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 20](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_20.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 20
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 20
- XML “Cearbhall Ó Dálaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chonaiceadar an obair, chuaidh duine isteach fá choinne an tighearna go bhfeicfead sé í. Tháinig an tighearna chucu agus nuair a chonaic sé an obair chuir sí iongnadh air: “Deirim-se,” ar seisean, “cíbe rinne seo sé an máighistir é agus ní fear ar bith eile.”
Chuaidh an sgéal isteach gur chuala an bhean óg é.Tháinig sí amach agus chomh luath agus chonaic sí Cearbhall thug sí grádh dó; agus mar an gcéadna thug seisean grádh dhi-se agus dubhairt: “Do shiúbhalfainn i gcomhnuidhe leat, a Eibhlín a rúain!” (nó “sheólfainn féin na gamhna leat, a Eibhlín, a rúain.”)
Sgathamh ’na dhiaidh sin bhíodar ag triall le n’imtheacht. D’éirigh leobhtha ar deireadh thiar agus d’imthigheadar annsin oidhche shneachta ar phéire capall. Chuaidh an t-arm ’na ndiaidh agus ceapadh iad. Cuireadh Cearbhall i bpríosún agus tugadh ise abhaile. Ní raibh sé i bhfad sa bpríosún nuair a d’imthigh sé as agus cheannuigh culaith dialladóra agus níor stad go ndeacha sé chomh fada leis an mbaile céadna a raibh an tighearna ann. Tháinig sé chomh fada le duine uasal agus d’iarr obair air. D’fhiafruigh an fear uasal de céard a bhí sé abálta a dhéanamh. D’fhreagair nach raibh sé ábálta tada a dhéanamh acht diallaideacha le haghaidh capall.
San am sin ní raibh a fhios acu céard diallaid, acht nuair a chonaic an duine úasal cé’n usáid a bhí sa diallaid bhí meas mór aige ar Chearbhall.
Chuala an tighearna go raibh a leithéid d’fhear ceirde(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac An t Saoi
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballycroy, Co. Mayo