School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 25
- XML “An Gorta Mór”
- XML “An Gorta Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuireadar longa lán de mhín bhuidhe as na Státa Aontuighthe go hÉirinn. Chuir an Rialtas obair ar bun, obair nach raibh aon mhaith leis, mar bhí na fir ró lag le aon obair a dhéanamh.
Dubradar annsin go dtugfaí airgead go aon duine a dhíoladh a chreideamh sé sin a rád a tionnthuigheadh ó chaitiliciach go protastún.
Bhí fear d'ainm “Gaughan” ins an ceanntar seo agus bhí sé timceall seachtmhain gan bíadh agus chuaidh sé isteach i dteach dTairseacháin agus fuair sé a dhinnéar ann. D'ith sé an iomarcha agus nuair a bhí sé ag siubhal síos in aice leis an abhainn dhubh fuair sé bás agus tá sé curtha in aice leis an abhainn, agus an poll atá ins an cuid sin dé’n abhainn thugtar “Gaughan’s Pool” air.
Tá bean agus páiste curtha i Dú Ríal a bhfuair bás in aimsear an gorta. Tá daoine curtha i a lán áiteacha san bparáiste a bhfuair bás san am sin. An Gorta Mór
“I mbliadhain 1845 do mhair na hÉireannaigh go léir ar fataí.”
I mbliadhain 1845 do mhair na hÉireannaigh go léir ar fataí. Acht amháin i mbliadhain 1845(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chonnmhaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Connmhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Srahnamanragh, Co. Mayo