Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 252](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_252.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 252
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 252
- XML “An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mnáibh a bhíonns ag nighe an chuirp agus do gach duine a bhíonns istig ag an am sin.Nuair a nightear an duine cuirtear ós cionn cláir é agus caointear é agus gach duine gaolmhar a thigeann isteach caoineann siad é chomh maith.Ní ceart snaidhm a chur ar na héadaigh a bhíonn siad a fuagháil don corp agus na mná a bhíonns ag fághail réidh an corp caithfidh siad a bheith i láthair nuair a chuirtear san cónra é.Ní caithtear amach an t-uisge a nigheanns an duine go dtéigeann an corp amach.Bíonn an corp istigh dhá lá agus dhá oidhche agus an triomadh lá cuirtear é. Nuair a bhíonn siad ag cur an cuirp isteach sa gcónra leagtar na cosai idtreo an uaigh agus má's sagart é cuirtear a cheann idtreo an uaigh. Iomcarann ceathrar fear ar an sloine amháin an corp.Foscluigheann na gaolta an uaigh agus nuair a cuirtear an corp síos caointear arís é. Na sean cnámh a cartar amach cuirtear síos arís iad i gcuideachta leis an cónra. Suibhlann na gaolta is goire dhó thart ar an uaigh trí huaire.Má casann duine le socraid is ceart trí coiscéim na trócaire a thabhairt leis.Ní bhíonn muinntir an bhaile ag obair ó cailltear duine go gcuirtear é. Má cailltear bean óg is le a muinntir féin a cuirtear í. Is bosca a cuirtear ar páiste óg.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róise Ní Thachair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Ui Tachair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo