Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 356
- XML “Dane Lyons”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dane Lyons.Tháinic long isteach ag Béal Dorcha raiceáltaí ar a gcladach agus i briste in a píosaí. Ní túisce bhí sí istigh ná thoisigh chuil dhuine á goid - píosaí agus rópaí agus chuile shórt Bhí Protastúnaig agus Caitlicí a gabháil di. Ní raibh sórt ollmhaitheas a' bith uirthi. Tháinic na yeo-men agus cheap siad a' muinntir a bhí á goid agus thóg siad suas go Caisleán-a-Bharraig iad le h-aghaidh a dtriall.
Bhí sagart go dtugtaí Dane Lyons air na shagart paráist i "Duí Stiúrfad" [Taobh-istigh-de Mhuir{thid]}san am. Ní raibh na daoiní bochta [.i. na Caitlicí] i ndán costas a' bith a íoc le dligheadóir a réiteóch a cás dóbhtha, agus chuaidh Dane Lyons chun labhairt ar a son.
Lord Cornwall a bhí in a bhreitheamh agus ba é an duine ba thruime ar a jury ná Donnchadh Brún. D'fhiafruigh a breitheam de céard a bhí le rádh aige sa chás seo.
"Bhí mé i mo gheathtóir ar phríosún Caisleá{n-}a-Bharraigh le deich mbliana fichead agus níor thionntuig mé eochair ar mac Gaill i rith an ama sin uilig," arsan Brúnach.
Nuair a airigh an breitheamh an chainnt sin dubhairt sé go raibh sé íontach agus trom.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo