Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 372
- XML “Arán Seagail”
- XML “An Criathar a Bhíodh acu”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)túbhála é agus annsin bhead sé réidh.
- 'Sé caoí bhainid siad maide giúise sa mbogach, agus bhainid siad píosa dhó chun fígheáin go'n criathar a dhéanamh do. 'Sé an fígheán an cuid a bhíodh timcheall amuigh - é an tanaídhe sa gcaoí go lúbfadh sé agus an ceangal déanta le táirní beaga.Mharbhuighidís caoíra agus cuirtí an craiceann i dtaisce. Bhainidís an olann go'n craiceann agus triomuighidís é agus leasuightí é. Leathaidís an craiceann amach annsin agus cuiridís lacht éigin (lacht tuigh a deintí as bainne agus rud éígin eile meascuighthe ar a chéile) air chun an craiceann a ramhrú. Ar thaobh na feóla a cuirtí an lacht. Fillid siad é agus d'fhágaidís annsin é oidhche is lá go ramhruighid sé.Thugaid siad anuas annsin é agus an fhaid a bheadh sé fliuch cuirid siad suas ar a bhfíghean é. Nuair a thriomuíodh sé annsin d'éírigheadh sé an daingean.Nuair a bheadh é tirm gheobhfadh siad currán agus chuireadh siad toiseac an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo