Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 389
- XML “Pisreogaí”
- XML “Pisreogaí”
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go mbeadh aon chuid go na daoiní maithe thart ar a doras.
- Nuair a bhíodh duine os cionn cláir annseo bhíodh bráithlíní crochta suas ar thaobh na leabthan agus os a chionn agus iad ceangailte le bioráin agus táirní agus chuile shórt. Nuair a bhíodh an corp á chur sa chónra annsin thógaidís anuas na bioráin agus na táirní beaga agus takeanna agus bhíodh siad a cur 'chuile shórt díobh sin isteach leis a gcorp.
An lá seo bhí fear a chrócair a cur isteach a' chuirp, agus nuair a bhí sé istig aige bhí sean mná a bhaile a teacht treasna air a rádh leis fanacht go mbí an biorán seo agus a tak sin curtha isteach.
"M'anam ó'n deabhal," ar seisean, "Fágaí a bealach. Níl tadaí a dul isteach annseo ach a corp."
Tá an nós sin a fághail bháis ó shoin. - Bhí fear ar bhaile Dubhloch agus fuair sé anonn go Sasanaí. Rinne sé aimsir le feilméar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo