School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mayo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 300
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fir eile le n-a bhois féín. Ní bhíonn an díoltóir sásta, b'fheidir go laghaidigheann sé a chéád-luach beagán ach sin é an méíd. Annsin tigeann an triomhadh fear isteach agus cuireann sé ceist
    "Céard tá eadaraibh?" Innsigheann siad-san dó agus innsigheann siad céimeanna an mhargaidh ó thús dó. Annsin má cheapann seisean gurbh é an rud is fearr dó a dhéanamh deireann sé leis an mbeirt.
    "Tabhair dom do láimh" le gach duine aca agus beireann greim ar mearanna an dá lámh ina bhois féín agus leis an láimh eile buaileann sé buille ar an dá bhois agus deireann
    "Seo sgoiltighidh an diofruigheacht."
    Bíonn daoine eile bailighthe ann faio seo agus deireann siad-san
    "Seadh ná brisighidh focal an fir maith" ná "ná bris focal an fhir sin." Má bhíonn siad sásta bíonn sé ina mhargadh agus bíonn deoch aca air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish