School: Ceathrú Thaidhg
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mag Shamhráin
![The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 258](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_258.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 258
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fóill. Chuaidh cuid de Mhuinntir Bhurnaigh na háite seo go Meiricea.Bhí ainm na Féile ortha. Bhí said go h-an mhaith do na boicht agus i mbliain an droch-shaoghail thug fear acu uaidh gach dha raibh aige - go (?) an tsíl choirce a bhí aige le cur sa talamh . Thug sé do na boicht é agus nuair a thainic aimsir na curaidheachta ní raibh aon choirce aige fhéin le cur, agus dubhairt a bhean leis lóchán an choirce a chraitheadh agus go mb'fhéidir le congnamh Dé go bhfásfadh sé. D'fhás toradh coirce ar an lóchán níos féarr ná d'fhás sa tír seo ariamh ó shoin.Scoláirí maithe a b'eadh na Burnaigh gach lá riamh. Bhí duine acu ana shnámhaidhe mhaith. Lá bhí currach ag teacht aníos an Bharra (?) agus bhí sé 'g ionnsuí (?) báidhte nuair a thug an fear seo a bheithideach leis agus ghread sé amach sa bhfairrge é go dtí an currach agus thug sé iseach iad slán sábháilte.
- Informant
- Sean P. Burnach
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo