School: Ceathrú Thaidhg

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mag Shamhráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 418

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 418

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 418
  3. XML “An Chuid Dheireanach de Leagan Eile ar an Scéal seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Muna dtabhraidh tú dom é ach béidh aithmheal ort," ars an fear.
    Bhí go leor daoine cruinnighthe i bPálas an Ríogh agus bhí siad ag ithe bidh ann. Nuair a chonnaic siad an fear agus a chuid éadaigh stróicthe, stialltaí, thoisigh siad ag gáire. Ach níorbh fhada go raibh athrughadh puirt aca.
    Leag an fear an buidéal ar an urlár agus dubhairt na focla. Thoisigh na fir a thainic amach as an mbuidéal ag buaileadh an ríogh agus a chuid 'fir'. Thuit go leor acu ar an urlár agus lagar orra. Comh luath is fuair an fear bocht an lagar seo orra, thug sé a bhuidéal abhaile leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
    Informant
    Tomás Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo