School: Ceathrú Thaidhg

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mag Shamhráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 422
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear agus bean ann fad'ó agus bhí siad an-bhocht. Ní raibh acu ach bó amháin, agus lá amháin mharbhuigh siad an bhó.

    (continued from previous page)
    d'fhiafruigh sé dhíthe cé an áit a raibh an fheoil. Dubhairt sí go raibh sé amuigh sa ngáraid. "Caithfidh muid imtheacht linn anois", ar seisean.
    D'imthigh siad leoibh go dtainic siad go coill mhóir. Chuaidh siad suas ar chrann. Ní raibh siad i bhfad annsin nuair thainic sgata daoine agus thoisigh siad ag comhaireamh a gcuid airgid. Gaduidhie a bhí ionntú agus bhí siad tar éis an t-airgead a ghoid. Céard a rinne an bhean ach píosa de'n chrann a leigint 'síos' orra. As go bráth leis na gadaidhie mar shíl siad go raibh siad ceaptha agus ní raibh an aca an t-airgead a thabhairt leo. Thainic an fear agus an bhean anuas ó'n gcrann agus fuair siad an t-airgead. Bhí siad saidhbir go 'deo' ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Cáit Ní Mhaolalaidh
    Gender
    Female
    Address
    An Corrán Buí, Co. Mayo
    Informant
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    An Corrán Buí, Co. Mayo