School: Ceathrú Thaidhg
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mag Shamhráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 495
- XML “Caochán”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é an fáth gur tugadh Caochán air. Comhnuigh sé sa tsean-chaislean ón (?) thair ar bhruach eile i gCill an Ghailleagain. Dúthaigh Chaocháín an t-ainm a tugtaí go dtí an lá indiu ann ar an dúthaigh atá déanta de na bailte talaimh seo: Cill an Ghailleagain, Ceathrú-na-gCloch, agus Ceathrú-Thaidhg. Ceathrú an Uchta an sean-ainm a bhí ar Cheathrú-Thaidhg. Muinntir Thaidhg a thug an t-ainm atá anois air dó. De réir daoine eile, ó Naomh Ghailleagan a thainic an t-ainm Dúthaigh Chaochain. Chaill Naomh Ghailleagan radharc a shúl i ndeireadh a laethe agus annsin tugtaí Coachán air. B'fhéidir gurab é DUMHA Chaocháín an t-ainm ceart. Tá cnap mór cloch sa tsean-reilig thiar ag an tsean-teampall agus tá sé cosamhail le dumha.Strainséirí iad uilig muinntir na h-áite seo - as Cuíge Uladh agus áiteacha eile a thainic a sinnsir aimsir na Géir-Leanamhna - agus níl mórán eolais aca ar shean-iarsmaí an cheanntair.
- Bhí fear ar an gCorrán Buidhe fadh ó agus bhí sé i gcomluadar leis an diabhal. Bhíodh an diabhal á rádh leis gurbh é fear dho Ghárdaí an Chósta a bhí ann agus chreid an fear é. Bhíodh sé i n-éíntigh leis agus bhíodh sé ag iarraidh a choinneál amuigh mall san oidhche agus ghá thabhairt gach droch-bhealach ag iarraidh a mharbhadh. D'fhanadh sé amuigh an-mhall oidhche Dé Sathairn ag imirt cárdaí le n-a choinneal ó'n Aifreann Dia Domhnaigh(anonn(continues on next page)
- Collector
- Micheál Mac Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Informant
- Bean Mhichil Mhic Dhomhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo