School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 530
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Féilí na bliadhna
Oidhche lá Fhéil Bríghid:
Tuiteann lá Fhéile Bríghide ar an gcéad lá de Feabhra, agus ar an oidhche deiridh de Eanair bhíonn Oidhche Fhéile Bríghide. Ar an oidhche sin déantar Cros in a ónóir agus i gcuimhne ar Bríghid. Fágtar brat amuigh freisin ar feadh na h-oidhche agus tógtar isteach é ar maidin. Deirtear dá mbéadh aon duine tinn ins an teach agus dá gcuirfí an brat ós a cionn go bhfuigheadh an duine sin biseach. Déantar Cros as cochan agus cuid de as luachra. Tugtar Criosóg Bríghde ortha.Oidhche lá Fhéil’ Sheáin:
Tuiteann oidhche lá Fhéile Sheáin ar an oidhche roimh lá Fheíle Sheáin ar an fiche is tríú oidhche dé Mheitheamh. Ar an oidhche sin bíonn teinte cnámh ar lasadh ins gach áit in onoir do Naomh Sheáin. Fadó [?] ní raibh aon teine cnámh ar an oidhche sin, ach bhí teinte cnámh acu ar an gcéad lá de Bhealtaine. [?] lá do lasadh na daoine dhá teine cnámh ceann ar gach taobh d’en gheata. Annsin chuiridís na ba amuigh idir an dhá theine agus chreid siad go mbéadh go leor ime acu ar feadh na bliadhna. Badh é cleachtas [?](continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás Ó Móráin
- Gender
- Male