School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 538
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)8. Nuair a bhíonn an cat ag nigheadh a éadáin tá fearthainn ag teacht nuair a bhíonn sé ag stríbeadh? adhmaid le'n a chosa ta stoirm ag teacht.
9. Nuair a bhíonn na néalta ag dul treasna a chéile tá fearthainn ag teacht.
10. Nuair a bhíonn soilse goirme ins an dteine tá? fearthainn nó stoirm ag teacht.
11. Nuair a bhíonn an cruigid ag canadh tá droch aimsir ag teacht.
12. Nuair a bhíonn lasraigh ann gan aon tóirneach tá droch -aimsir ag tigheacht.
13. Nuair a bhíonn na géanna ag eitilt tá stoirm ag teacht.
14. Nuair a bhíonn an símné ag cur síos toit tá droch? aimsir ag teacht.
15. Nuair a bhíonn na tonntacha i gClaggan éirighe go h-árd tá stoirm ag teacht.
16. Nuair a bhíonn na cearca ag piocadh iad féin? tá fearthainn ag teacht.- Collector
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Informant
- Liam Ó Gáchain
- Gender
- Male