Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 104](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_104.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 104
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 104
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)foir-spréachadh : Le scuab a foir -spréachtar na gais anseo. Níl gléas foir-spréachta ins an gceantar i ngeall ar chomh luath is a bhíonn na fataí níl call spréachta orthu. Má fhágann na gais na mí iúil beidh torradh maith orthu. Ní fhoir-spréachann cuid de na daoine am barr fata chor ar bith.
An baint: baintear i ndeireadh Fómhair iad le spáid. Cuirtear i bpoll iad, clúdaítear le scraitheachaí iad agus ansin le cré. Ins an earrach nuair a thosaíonn siad ag fás athruitear go minic iad, ní chuirtear orthu anois ach na scraitheacha ionnas go mbeidh siad so-athruithe agus ar deireadh leagtar cois claideacha iad agus na scraitheacha orthu.
Téarmaí:- Scoilteacháin (sets), Logáin" (an méid den fata a bhíonn fágtha i ndiaidh an scoilteán a bhaint as). Laoghán a thugtar ar an logán i dTír amhlaidh. "Fata Gágach" (fata a bhíonn scoilte sa gcraiceann~)
"Fata Carrach" (bíonn craiceann garbh air)
"Fata Cuasánach" (bíonn poll istigh ina lár) is annamh a bhíonn a leithéid anseo.
"Carraidh Fataí" (píos maith de iomaire agus fataí bainte air)
"Gearróg" (iomaire beag a bhíonn curtha ag gasúr)
Fata cúiseach anseo
pruiséal fataí - fata rósta amuigh san ngort luaithreachán - fataí a bheadh dá rósta san luaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)