School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 490
- XML “Sé Fáth Mo Bhuartha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
Sé fáth mo bhuadhartha nach d'fághaim cead cuarta
Ins na ngleanntán uaigneach a mbíonn mo ghrádh
Bíonn mil ar luachar ann agus im ar uachtar
I dtús in fhuaicht i bhíos na crainn faoi bláth.
Níl gaoth a dtuaidh ann níl fearthinn buan ann
Tá chaltadh is cuan ag luing is ag bád
Tá tilleadh buaidh ann níl turus na cruaice ann.
An té a deanfadh suas le na mhúirnín bán.
II
Níl ar sliabh ná ar mínleach atá stór mo croidhe-se
Ach ar thaltaibh aoibhinn i dtig thorthaí ar crainn
Bíonn an cuach go h-aoibhinn ar bárr na craoibhe ann
Tá an cruineacht maol is an coirce bán.
Bíonn an fiadh is a laoigh ann tá brich na sgaot
Ta an ealla go h-aoibhinn ar an loch is é ag snámh
Tá an meach lágach crionna in-a nead go díonmar
Tá an coileach fraoigh ann in chearc is h-ál.
III
Is ar sliabh go cinnte atá stór mo croide-sa
Is ní chodluighim oidhche acht ag déanamh bróin
Sí cum an t-sioda í; 'sí méara mín'í;
Béal tanaidhe dilis agus mheall sí an lán
Bá bhinne liom uaim í is na gleanntaibh ar uaighneas
Ná ceileabhar cuaiche is ná ceol na n-éan
Is go mb'fhearr liom ó'n uair sin dhá mbudh liom an stuaidh bhean
Ná lámh in-uachtar ar Clainne Gaedheal.(continues on next page)- Collector
- Noel Mac Conmara
- Gender
- Male
- Address
- Killerduff, Co. Mayo
- Informant
- Mártan Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Killerduff, Co. Mayo