School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 519

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 519

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 519
  3. XML “Tadhg Mach Uibhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Taobh ó thuaidh de Ceathraina Chillín tá an Rath Dubh Ba ann a ndeachaidh Tadhg Mach Uibhir lá. Bhí sé tuirseach, Shuidh sé síos ag sín siar san rath. Ba ghearr gur thuit a codhladh air. Nuair a dhúisigh sé chonnaic sé an bhean óg a chómhair amach agus píob aice. Thug sí do é le na séideadh Thoisigh sise ag dhamsadh agus an fear ag seinm. D'éis sin nuair a bhíodh sé ar a dó dhéug sa ló thagadh an bhean sidhe isteach sa teach aige. Ní fheicheadh a bhean í cor ar bith ach d'feicheadh eisean í. Thoisigheadh sé ag seinm agus ise ag damhsadh. Bhíodh bean an tighe ag suíomhacáin agus corruair tarraingeadh a cuid gruaige agus baineadh beic aistí. Bí an fear ag dul as agus ní raibh fhios ag aoine céard a bhí air. Lá amhain d'fiafruigh duine de na chomhursainn de cé'n easairleacht a cuireadh air agus d'innis sé an sgéal dó.
    "Bheul" arsa an comhursa seo "ar a dó dhéag imbárach tabhair sgian le lámh dhubh leat agus gabh ag an rath" Rinne se amhlaidh. Dubharadh leis freisin an bhean sidhe a bhualadh leis an sgian sin agus gan ach buile amhain a thabhairt díthe. Nuair thosuigh sí ag damhsadh bhuail sé leis an sgian í. D'iarr sí ar a bualadh arís ach ní dheúnfadh sé sin mar dá bhuailfeadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Míceál Breathanach
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Lackanhill, Co. Mayo