School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 594
- XML “Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an mblian 1839 bhí bean ann, agus fuair sí sgannail Ó Pháirtidhe eicint, agus ghoill sé go h-an mhór uirthí. Chuaidh sé síos ar a dá glúín, agus d'iarr sí achtnuighthe ar Dhia, agus dubhairt sí go dtrosgfadh sí naoi h-Aoine gan biadh gan deoch. Nuair a bhí an guidhe déanta aici, chuaidh sí go Cill Cuimín agus chuaidh sí ar a glúana ar uaigh Naomh Chuimín. Diompuigh sí leac Chuimín le dioghbháíl a déanamh ar an Pháirtidhe a thug sgannal dí. Oidhche Nodlag bheag a bhí ann. Dhorchuigheadh an spéar agus shéid an oidhche chomh mó sin gur leagadh na tighthe agus bhí gac duine san tír amuigh an oidhche sin ag iarraidh na tighthe a ceangalt. Acht da inneamhaint annsin. Fuadaigheadh na tighthe agus ní raibh teach ceann tighe in a sheasamh ar maidin. Bhí ár mór déanta an oidhche sin. Bhí go leor bád amuigh ag iascaireacht i gCill Cuimín agus baitheadh go leór aca, acht sabhailigheadh cuid aca.
Éamon Mac Giolla Mhártain
Cill Fhir Dhuibh- Collector
- Éamon Mac Giolla Mhártain
- Gender
- Male
- Address
- Killerduff, Co. Mayo
- Informant
- Mártan Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Killerduff, Co. Mayo