School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 628
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Uair amháin bhí sionnach ina comhnaidhe i nDún Pádhraig. Bhí sé ag déanamh go leór sgrios ar muinntir na h-áite. Nuair a thagadh an tóir air théigheadh sé fé déin arús. Bhéarfadh sé greim lé na chuid fiaclaibh ar strapoga a bhí ag fás ar bruach na h-aille, agus marbuigheadh go leór con a (?) bhiodh indhiaidh. Sheas sé ar an mbealach sin ar feadh tamaill mait. Ar deireadh fuarthas fios ar an mbealach a bhí aige cun éalódh uatha. Gearradh na strapóga, agus nuair a cuireadh an tóir air arís ní raibh na strapóga roimhe agus thuit sé le fánaidh na h-aille agus marbhuigheadh é. Uair eile bhí fear as Béil Deirg ag teacht cun a mhargaidh i mBaile an Caisil. Bhí ualach éisg agus capall ar a raibh cléibh aige. Chonnaic sé sionnach caithte ar thaobh an bhothair i nGleann Iorla. Rug sé greim rubhaill air agus caith treasna an cléíb é. Shiubhail ar aghaidh ag ceannaireacht an chapaill. Tar éis tamall thionntuigh ceann de na cléibh ináirde. D'fhéach an fear thart go bhfeicfeadh sé céard b'easbhaidh dhó. Chonnaic sé go raibh cléíbh amáin folamh. Bhí an sionnach éáluighthe agus an t-iasc scapaithe ar thaobh an bhothair aige. B'éigin don b'fear tionntughadh agus dul an bhealach a tháínig sé cun an t-iasc a bhailiughadh. Ní raibh an sionnach marbh sámh bréíge a bhí air.Uair eile bhí teach déanta ag feilméar an feirm in Gleann Éadach le h-aghaidh caorach. Ceann tuighe a bhí air agus bhí spás gearrta ins an díon le h-aghaidh air a tabhairt do na caoraibh nuar a bhíodh an dóras dúnta.(continues on next page)
- Collector
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- Gortatoor, Co. Mayo
- Informant
- Micheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo