School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a sháith seilge.Chuala an eilit an comhrádh seo, tháinig sí go h-Oisín, d'innis sí dhó an rud a chuala sí. "Ar ndóigh" ar seisean, "ní bhainfid na madraí leat." "Ó!" ar sise "má théígim san aer suas ná insan talamh síos ní fheádaim imtheacht ó luathas Bhrain." Arsa Oisín léi, "Nuair a bhéas sé ag teacht cruaidh ort i mbárach gabh amach idir mo dhá chois."Tháinig an lá agus leigeadh amach an eilit. Níor lean aon madadh í acht Bran. Níorbh fhada go raibh sé ag teacht cruaidh uirri - amach léi idir dhá chois Oisín, lean an madadh í. D'fhaisg Oisín a dhá ghlúín air agus chuir sé céád slat as a chroiceann é.Bhí dearg-bháinidhe