Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 318
- XML “Sióga”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gheobhaidh tú mo chamán taobh thiar den doras. Ná labhair le haon duine, ach bagair orthu leis an gcamán. Téigh go dtí an gcorp ansin agus buail é agus mura gcuirfeadh tú an teitheadh air, ní bhfágaidh mise casadh go deo.”
Chuaigh an fear isteach agus thosaigh sé ag bualadh an choirp. Ní raibh sé i bhfad á bhualadh, nuair a d’iompaigh sé ina liathróid is chuaigh sé amach an doras. Tháinig an fear arais sa leaba ina áit agus mhair sé ar feadh 30 bliain ina dhiadh sin.
Fuair mé an scéal seo ó Mháire Ní Lonáin. 50 bliain. - Bhí fear ann uair amháin agus bhíodh sé amuigh déanach istoíche agus thugadh sé gunna leis.
An oíche seo bhí sé amuigh ana-dhéanach agus bhí an gunna aige. Bhí braon ólta aige agus bhí sé gairid don a thig féin agus bhí sé ag dul thar bóithrín a bhí gairid don a thig nuair a chonaic sé fear ina sheasamh i lár an bóithrín.
Dúirt sé leis féin dá raghadh sé abhaile go ndéarfadh sé leis na daoine gur sprid a bhí ann. Chuaidh sé síos agus bhí sé díreach ar aghaidh an fhir eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford