Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 321
- XML “Lios”
- XML “Draíocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó, sé an ainm a bhí uirthi ná, Máire Leathan. Bhí sí an bocht agus bhí timcheall dhá chéad cearc aici agus ní raibh aon rud aici chun iad a chothugadh. Bhí lios san áit ina raibh sí 'na comnaidhe. Oidhche amháin tháinig sidheóg isteach cúichí agus bhí cróca óir aige. Labhair an bean leis agus níorbh fhada go ndubhairt an sidheóg go dtabharfadh sé an cróca óir di. D'imthigh sé amach agus d'fhág sé an cróca óir sa thig as a dhiaidh. Dubairt sé leis an mbean gan baint leis go dtiochfadh sé thar nais arís.
An fhaid is a bhí sé imthighe amach ghuid sí an cróca agus chuir sí i bhfolach é. Tháinig an sídheóg isteach a d'fhiafhraigh sé di cá raibh an crósa óir agus dubhairt sé go dtáining sidheóg eile isteach agus gur tóg sé leis é. D'imthigh an sidheóg leis go dtí an lios. Dhein an bhean tig nua agus bhí sí saidhbir as san amach. Fuair mé an sgéal seo ó Labhras Ó Cuidhigic. An Rinn. 60 bliadhain.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cuidhighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Rinn, Co. Phort Láirge
- Bhí fear ann fadó, agus bhíos na daoine i gcóinnuidhe ag rádh go raibh draoidheacht ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)