Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 347
- XML “Tobar Naomh Nioclás”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtí Árd-Mhór.
Tá an tobar cuibhseach mór agus tá sé suidhte in áit deas.
Chuaidh bean síos ann fadó agus bhí cos tinn aici agus ní bhfuigeadh sí é do chorruige. Nígh sí san uisce é agus bhí sé go maith arís i gcionn seachtmhaine. - Sprid
Bhí fear ag teacht abhaile ón sean-phobail oidhche amháin.
Nuair a bhí sé gairid do thobar Cill an Fhuarthainn d’airigh sé beirt chailíní teacht aníos an bóthar agus chuaidh sé síos go dtí an tobar.
Thosnuigh sé ag bualadh an uisce agus tháinig scannradh ar na cailíní. Bhuail sé an t-uisce arís agus bhí scannradh ortha agus thuit siad fuair marbh ar an talamh.
Deirtear nach ceart bheith ag cur eagla ar aoinne san oidhche.
Fuair mé an scéal seo ó mo sheanmháthair. Tá sí ceithre fichid bliadhain d’aois.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhrócháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge