School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)

Location:
Kilbryan Lower, Co. Waterford
Teacher:
Tomás de Bhál
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 292

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 292

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Page 292
  3. XML “Risteárd Mór Ó Cadhla ón Scairt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag caoine mar ba bheas le mná na h-aimsire sin. D'órdaigh an Captaen a bhí ar na saighdiúirí do beirt acu dul isteach san tigh ag cuardach. Thug duine aca coinneal leis agus chuaidh an fear eile ag iniúcadh. Ba thoil le Dia go mba fear maith é an duine seo agus ar a gheobhailt thar Risteárd dó d'fhaisc sé a órdóg ar a lurgan mar comhartha gur aitin sé é. Chuadar amach go dtí an Captaen is dúradar ná raibh sé ann. "Cár gaibh sé? An bhfuil tú deimhnach ná fuil sé ann?" arsa an Captaen. "Táimíd" arsa an fear a aithin Risteárd . "Níl aoinne mar é sin istigh ach tá bean mór ina shuí bhfiadhnis an chuirp" arsan fear a raibh an coinneal aige. "Téigh isteach arís is cuardaigh níos fearr" arsa an Captaen. Chuadar. D'fhan fear na coinnle ar lár an úrlár agus chuaidh an fear eile go dtí an corp. Tháinigh sé go dtí an bean mór agus bhí sé tamall á thabhairt fé ndeara. Bhain sé miaróg as a láimh agus d'imigh sé. "An bhfuil sé ann?" "Níl" ar siad san."Marab é an diabhal féin a bheir leis é, bhí sé ann leath-uair ó shoin" arsa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Fhearachair
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford
    Informant
    Labhrás Ó Cadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford