Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag caoine mar ba bheas le mná na h-aimsire sin. D'órdaigh an Captaen a bhí ar na saighdiúirí do beirt acu dul isteach san tigh ag cuardach. Thug duine aca coinneal leis agus chuaidh an fear eile ag iniúcadh. Ba thoil le Dia go mba fear maith é an duine seo agus ar a gheobhailt thar Risteárd dó d'fhaisc sé a órdóg ar a lurgan mar comhartha gur aitin sé é. Chuadar amach go dtí an Captaen is dúradar ná raibh sé ann. "Cár gaibh sé? An bhfuil tú deimhnach ná fuil sé ann?" arsa an Captaen. "Táimíd" arsa an fear a aithin Risteárd . "Níl aoinne mar é sin istigh ach tá bean mór ina shuí bhfiadhnis an chuirp" arsan fear a raibh an coinneal aige. "Téigh isteach arís is cuardaigh níos fearr" arsa an Captaen. Chuadar. D'fhan fear na coinnle ar lár an úrlár agus chuaidh an fear eile go dtí an corp. Tháinigh sé go dtí an bean mór agus bhí sé tamall á thabhairt fé ndeara. Bhain sé miaróg as a láimh agus d'imigh sé. "An bhfuil sé ann?" "Níl" ar siad san."Marab é an diabhal féin a bheir leis é, bhí sé ann leath-uair ó shoin" arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhearachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge