School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 32

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 32

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 32
  3. XML “Domhnall Mór agus Domhnall Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D’fiafruigh sé do Dhomhnall Beag cá bhfuair sé na bullógaí. “O” arsa Domhnall Beag “shíos ag tóin na locha, níl ann ach bullógaí uilig”. “Do bharamhail”, arsa Domhnall, “An bhfuighinnse rudaí ann” “Tusa agus do triúr mach bhéarfadh sibh aniós a ceithre oiread liomsá”.
    D’imthigh Domhnall Mór agus a thriúr mach agus Domhnall Beag leo le tais beaint daóibh cá rachadh siad síos go toín na locha. Nuair a shroich siad an loch léim Domhnall Mór amach ar tús agus arsa sé “blub” “blub”. “Caidé sin a dubhairt sé”, arsan céad mach le Domhnall Beag. “O”, arsa Domhnall Beag tha oiread annsud is mach bhfuil seisean abhálta maith a deánamh dóibh”. Amach leis an chéad mach “blub blub” ar seisean. “Caidé sin” arsan dara mach. D’innis Domhnall Beag do agus rinne sé mar rinne a athair. Amach leis na mic eile fosta agus báithead go h-iomlán iad.
    Bhí cuid talamh Dhomhnaill Mhór agus an áit uilig ag Domhnall Beag annsin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhan Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Sean Ó Cuirrín
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Gaoth Dobhair, Co. Donegal