Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Comhairle an Duine Aosta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Sé mo chomhairle seo díobh fánacht mar atá sibh," ars an t-athair. Ach ní rabh gar ann, b'fhearr leobhtha-san é na toighthe agus an talamh agus an t-airgead a roinnt.
    D'iarr sé ortha cliabh mónadh a thabhairt isteach chuige. Thug.
    Chuir sé iomlán na mónadh ar an teinidh i gcuideachta a chéile. Shuidh na fir óga go bhfeicfeadh siad caidé a bhí faoi'n duilleóg ag an t-sean-duine.
    Nuair a bhí an teinidh dearh bhí bladhairí ag dul 'nn gcreathach. Thug an sean-duine leis sluaisaid agus sgab sé an teine fríd an teach. I gceann cúíg bhomaite ní rabh a'n drithleóg beo inntí.
    "Anois a chlann," ars an sean-duine, "nuair a bhí an teine sin i gcionn a chéile bhí sí ag deargadh go bréagh agus dá luathas agus sgabadh í chuaidh sí as. Sé na dalta agaibh-se é," ars an sean-duine, "nuair atá sibh ag déanamh gnáithe maithe níπ caill agaibh altughadh.
    Sé mo chomhairle díobh fánacht i gceann a chéile nó má sgabann sibh éireochaidh dálta na teineadh dibh. Tiocfaidh mí-ráth oraibh i ngearr-aimsire. Tá saidhbhris mór i dtaiscidh in mo chuid talamhan-sa, agus ní'l cead agaibh-se é a chuartú ar dhóigh ar bith ach i ndóigh amháin,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Prionsus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Dúbinn, Co. Dhún na nGall