School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 111
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)roinnfidh mé an méid atá agam”. “Caidé tá agat le roint le duine ar bith,” deir Síogaidhe leis.
“Tá mise liom fhéin anois,” deir sé, “agus tá seomra lán-óir agam agus roinnfidh mé sin leat.”
“Cé tá gabhail a baint sin díom mo mharbhuighim tusa”. “Níl aon duine,” deir an fathach.
“Mar sin de ní bheidh tusa beo níos fuide,” agus tharraing sé amach a claidimh agus bhain sé an ceann de. Thiomain sé leis a chuid ba abhaile annsin. Ní rabh faghail ar an méid soithighe is choinneochadh an méid bainne a bhí ag na ba an oidhche sin.
D’fhiafruigh Gruagach do annsin rabh sgéal úr ar bith leis agus dubhairt Síogaidhe nach rabh.
“Is fearr mise no thú mar sin deir Grruagach or tá sgéal úr agam. Níl ‘n oidhche ó tháinig mhise annseo nar chualaidh mé ceithre gairí ó chúairt na fathanní agus anocht níor chualaidh mé ceann ar bith”.
“Dá mbheadh dadaí eile a’ tabhairt buadhradh duit”, deir Síogaidhe, “ní ar gairí nó ar caointí bheithfeá a’ smaotughadh”. Fuair sé cárta leanna annsin agus builbhín pinghinn le na suipear agus croiceann an sean geáran bán le luighe air. Ma ba lúaithe d’éirigh an lá cinnte ba lúaithe no sin d’éirigh Grúagach a’ gaire.
Bhual sé cíc ar Síogaidhe agus d’iarr sé air bheith amuigh le na chuid ba. D’éirigh Síogaidhe agus fuair sé a bricfeasta. Chuaidh sé amach annsin agus seas sé ar an árdán agus bhual sé buille cómhraic nar fhág ‘n(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Informant
- Sean Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal