Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 111
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)roinnfidh mé an méid atá agam”. “Caidé tá agat le roint le duine ar bith,” deir Síogaidhe leis.
“Tá mise liom fhéin anois,” deir sé, “agus tá seomra lán-óir agam agus roinnfidh mé sin leat.”
“Cé tá gabhail a baint sin díom mo mharbhuighim tusa”. “Níl aon duine,” deir an fathach.
“Mar sin de ní bheidh tusa beo níos fuide,” agus tharraing sé amach a claidimh agus bhain sé an ceann de. Thiomain sé leis a chuid ba abhaile annsin. Ní rabh faghail ar an méid soithighe is choinneochadh an méid bainne a bhí ag na ba an oidhche sin.
D’fhiafruigh Gruagach do annsin rabh sgéal úr ar bith leis agus dubhairt Síogaidhe nach rabh.
“Is fearr mise no thú mar sin deir Grruagach or tá sgéal úr agam. Níl ‘n oidhche ó tháinig mhise annseo nar chualaidh mé ceithre gairí ó chúairt na fathanní agus anocht níor chualaidh mé ceann ar bith”.
“Dá mbheadh dadaí eile a’ tabhairt buadhradh duit”, deir Síogaidhe, “ní ar gairí nó ar caointí bheithfeá a’ smaotughadh”. Fuair sé cárta leanna annsin agus builbhín pinghinn le na suipear agus croiceann an sean geáran bán le luighe air. Ma ba lúaithe d’éirigh an lá cinnte ba lúaithe no sin d’éirigh Grúagach a’ gaire.
Bhual sé cíc ar Síogaidhe agus d’iarr sé air bheith amuigh le na chuid ba. D’éirigh Síogaidhe agus fuair sé a bricfeasta. Chuaidh sé amach annsin agus seas sé ar an árdán agus bhual sé buille cómhraic nar fhág ‘n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Sean Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall