Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 112
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gabhain I mbuin, no searrach I láir, no úan I gcaorach, no gearrfaidhe I dtoin ar feadh seacht míle de. D’iarr gruagach ar fear de na searbhantaigh gabhail amach agus ceist a chuir air caidé bhí a díth air agus mas troid a bhí a dhíth air go dtabhradh seisean do é.
Chuaidh buachall amach agus chuir Síogaidhe sgeal leis fhad le gruagach gur troid a bhí a dhíth air. Cuaidh Grúagach é fhéin amach annsin agus thosaigh an troid. Níor bhfada bhí go rabh sé na luighe ar an talamh ag Síogaidhe. “Anois”, ars Síogaidhe, “amach as sin ní éireochaidh tú go deo mar n-innseochaidh tú damh caidé an dóigh a cháill tú do shiúl, do ubhall agus do gháire. “Ó, maise”, deir Gruagach, “tá innseacht sgéal ar sin agus shíl mise nach mbéadh sé le innseacht agam a coidhche ach siubhal liom isteach un na ciurta agus innseochaidh mé duit é.
Seo an sgéal a d’innis sé do.
“Bhí mise annseo I n-am amháin,” ars se, agus bhí dhá mhac deug agam, agus dhá bheat deag, agus dhá seobac deug agus dhá chú deug agam. Cú agus beath agus seobac ag gachfear de mo chuid mic.
Bhí muid uilig ina ár suidhe thart lá amháin agus tháinig gearrfaidhe pisreógach isteach agus gearr sí léim a dioghbhail faoi srón mo dhá mhac deug, mo dhá bheath deug agus mo dhá chú deug. Lean muid í annsin agus choinnigh muid suas an rása go dtí go rabh muid ag Beann Builbín. Slogad isteach í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Sean Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall