School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsin fa choinne Fionn agus d’fhág sé ann é.
“Anois, a Fionn”, ars sé, “imthigh agus go bhfeicfidh tú bhfuigh tú gléas beo ar bith choinneachas beo thú fhéin agus do buachaill fhad is bhéas tú ar an oileán”.
“A bhuachaill a bhfearr a bhfacaidh mé ariamh”, deir Fionn, “deán fhéin é. Is olc ar an bhaile mé agus is measa I bhfad ar an choigrigh mé”. D’imthigh troighthe go leith fear arís go tóigh an Ríogh. Bhuail sé ar an doras. Tháinig an dorasóir.
“Cuir mo mhaighistear annseo mé go bhfeiceadh sé bhfuigheadh sé biadh na digh a choinneochadh beo é go bhfágaidh sé an t-oilean”.
“Tá bolagaí I bpáirc ar an oilean agus cead agaibh ceann a thabhairt libh agus a ithe”. “Ca bhfuil an pháirc?” ars troighthe go leith.
“Tá sé romhat na do dhiaidh agus deán fhéin amach é”.
Bhuail sé dorn air agus rinne sé an cleas céadhna leis a rinne(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Informant
- Seán a Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal