Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin fa choinne Fionn agus d’fhág sé ann é.
“Anois, a Fionn”, ars sé, “imthigh agus go bhfeicfidh tú bhfuigh tú gléas beo ar bith choinneachas beo thú fhéin agus do buachaill fhad is bhéas tú ar an oileán”.
“A bhuachaill a bhfearr a bhfacaidh mé ariamh”, deir Fionn, “deán fhéin é. Is olc ar an bhaile mé agus is measa I bhfad ar an choigrigh mé”. D’imthigh troighthe go leith fear arís go tóigh an Ríogh. Bhuail sé ar an doras. Tháinig an dorasóir.
“Cuir mo mhaighistear annseo mé go bhfeiceadh sé bhfuigheadh sé biadh na digh a choinneochadh beo é go bhfágaidh sé an t-oilean”.
“Tá bolagaí I bpáirc ar an oilean agus cead agaibh ceann a thabhairt libh agus a ithe”. “Ca bhfuil an pháirc?” ars troighthe go leith.
“Tá sé romhat na do dhiaidh agus deán fhéin amach é”.
Bhuail sé dorn air agus rinne sé an cleas céadhna leis a rinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Faisnéiseoir
- Seán a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall