School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis an chead fhear. D’imthigh sé leis agus fuair sé an pháirc. Chuaidh sé isteach ins an pháirc agus an bológ a bhfearr a bhí ann ceangail sé a cheithre cosa agus thug sé leis é. D’iarr sé ar Fionn dul go bhfeiceadh sé bhfuigheadh sé caraigh no a cara ar bith le é a bhruith. “A’ bhuachaill a bfhearr a bhfacaidh mé ariamh”, deir Fionn, “deán fhéin é. Is olc ar an bhaile mé agus is measa I bhfad ar an choigrigh mé”.
D’imthigh troighthe go leith fear go toigh ar Ríogh. Bhuail sé ar an doras agus tháinig dorasóir. Dubhairt sé gur chuir a mhaighistear annseo é go bhfeiceadh sé bhfuigheadh sé a cara ar bith le damh a bhruith.
“Tá teach fathanaí ar an oilean agus tá coraigh ar an teach aca agus an méid a chruinnigh siad le seacht mbliadhna tá sé ar teine da mbhruith, agus ma bhaineann tú fhéin amach é béidh céad fáilte romhat. D’fhiafruigh troighthe go leith fear ca rabh an teach agus dubhairt an dorasoir nach rabh sé abalta sin(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Informant
- Seán a Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal