Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis an chead fhear. D’imthigh sé leis agus fuair sé an pháirc. Chuaidh sé isteach ins an pháirc agus an bológ a bhfearr a bhí ann ceangail sé a cheithre cosa agus thug sé leis é. D’iarr sé ar Fionn dul go bhfeiceadh sé bhfuigheadh sé caraigh no a cara ar bith le é a bhruith. “A’ bhuachaill a bfhearr a bhfacaidh mé ariamh”, deir Fionn, “deán fhéin é. Is olc ar an bhaile mé agus is measa I bhfad ar an choigrigh mé”.
D’imthigh troighthe go leith fear go toigh ar Ríogh. Bhuail sé ar an doras agus tháinig dorasóir. Dubhairt sé gur chuir a mhaighistear annseo é go bhfeiceadh sé bhfuigheadh sé a cara ar bith le damh a bhruith.
“Tá teach fathanaí ar an oilean agus tá coraigh ar an teach aca agus an méid a chruinnigh siad le seacht mbliadhna tá sé ar teine da mbhruith, agus ma bhaineann tú fhéin amach é béidh céad fáilte romhat. D’fhiafruigh troighthe go leith fear ca rabh an teach agus dubhairt an dorasoir nach rabh sé abalta sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Faisnéiseoir
- Seán a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall