Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht ní thiocfadh leis bean ar bith a fhághail a bhéarfadh an t-airgead agus an craiceann do arais Bhí sé ag aonach amháin, agus casadh bean air, agus d’fiafruigh sí do caidé n luach a bhí dhith air fa choinne an chraicinn. D’innis sé duithe go gcaithfeadh sé an t-airgead agus an craiceann a bheith leis abhaile
Chuir sise a lámh ina póca, agus tharraing sí amach siosúr agus gheárr sí an olann de’n chraiceann agus thug sí an luach do, agus d’imthigh sé abhaile. Nuair a tháinig sé abhaile d’fiafruigh an t-athair do cé cheannuigh an craiceann. Inghean an fhir seo thall arsa’n buachaill. Sin an bhean a chaithfeas tusa posadh. Gabh anonn fhad léithe, agus iarr oirthí a theacht anall fhad liom-sa, agus í a bheith ag siubhal ar an bhealach mhór agus gan í a bheith ag siubhal air, agus comrádaidhe a bheith leithe, agus gan comrádaidhe a bheith leithe. Chuaidh sé anonn fhad leithe agus d’innis sé duithe caide d’iarr a athair uirthí a dhéanamh. Dubhairt sí go ndéanfadh sí sin. Thainig sí anall fhad leis agus d’fiafruigh an Goban díthe caidé n’ dóigh a dtáinig sí. Dubhairt sise go dtáinig sí ar chlaidhe an bhealaigh mhóir. Annsin d’fiafruigh sé díthe an rabh comrádaidhe ar bith léithe. Dubhairt sise go rabh madadh beag léithe. Dubhairt an Goban(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEaghartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall