School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 88
- XML “Iníon an Ghobáin tSaoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go gcaithfeadh sí a mhac-san a phósadh.
Pósadh iad.
Lá amháin bhí an Goban agus a mhac ag déanamh toighe agus chuaidh sise fhad leobhtha le braon tae; agus an uile chloch a leagfadh siad, chaithfeadh siad a theacht anuas go bhfeicfeadh siad an rabh sé ar caoi. Nuair a chonnaic sise seo, dubhairt sí leobhtha go mbéadh sé i bhfad níos fusa aca líne a bheith aca ag gabhail ó choirneál go coirneál agus go bhfeicfeadh siad annsin an rabh siad ag déanamh an rud ar caoi. Rinne siad sin, agus uair amháin thug Rí Shasan cuiread d[a]obhtha a ghabhail fhad leis[-]fhéin agus caisleán a dhéanamh do.
Lá amháin d’éirigh an Goban agus a mhac go luath agus d’imthigh siad. Ní rabh siad i bhfad ag siubhal, nuair a d’fiafruigh an Goban do’n mhac an dtiocfadh leis an bealach a ghiorrú. Dubhairt an mac nach dtiocfadh agus phill siad na bhaile arais. Maidín lá thar na bhárach nuair a bhí siad ag imtheacht dubhairt an bhean le mac an Ghobain scéal a innse do’n ghoban agus go mbéadh sé sásta agus go siubhalfadh sé leis. Shiubhail an bheirt acú oidhche agus lá go dtáinig siad fhad leis an fhairrge. Annsin chuaidh siad ar bórd luinge, agus bhí siad ar an long go dtáinig siad go Sasain.
Chuaidh siad fhad leis an righ agus rinne siad an(continues on next page)- Collector
- Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Brian Ó hEaghartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Bogach, Co. Donegal