School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 89](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_89.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 89
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 89
- XML “Iníon an Ghobáin tSaoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)caislean do, acht nuair a bhí sé deanta, d’fiafruigh an Rí do’n Ghoban an rabh caislean ar bith i n-Éirinn com deas leis an cheann seo. “Ta” arsa an Goban agus tá rud agam-sa sa bhaile a dheanfadh an ceann seo comh deas le ceann ar bith atá i n-Éirinn
Annsin dubhairt an righ go gcaithfeadh sé sin a fhághail do. Dubhairt an Goban go rachfadh sé fhéin abhaile agus go bhfuigheadh sé an rud, acht ní leigfeadh an rí abhaile é. Dubhairt sé go gcuirfeadh sé a mhac fhéin agus fear eile abhaile agus go bhfuigheadh siad an rud a bhí dhith air.
D’imthigh mac an riogh agus an fear eile agus cuireadh an Goban agus a mhac fhéin i bpriosún – Nuair a tháinig mac an Riogh fhad le bean an Ghobain d’innis sé díthe caidé bhí dhith air Dubhairt sise go rabh sin istoigh ins an chómhra agus nach dtiocfadh léithe é fhághail do, “acht” arsa sise, “Tá tusa bréagh fada agus thig leat cromadh síos agus é a fhághail.” Annsin, d’fosgail sí an chómhra agus chrom mac an Riogh síos, agus chaith sise é isteach ‘sa chómhra, agus chuir sí an clár ar an chómhra. Annsin dubhairt sí leis an fhear eile a ghabhail abhaile agus innse do’n righ, nach leigfeadh sise a mhac amach as an chómhra go leigfeadh sé an Goban agus a fear fhéin abhaile arais fhad leithee.
Nuair a chualaidh an rí seo, léig sé an(continues on next page)- Collector
- Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Brian Ó hEaghartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Bogach, Co. Donegal