Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 89](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_89.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 89
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)caislean do, acht nuair a bhí sé deanta, d’fiafruigh an Rí do’n Ghoban an rabh caislean ar bith i n-Éirinn com deas leis an cheann seo. “Ta” arsa an Goban agus tá rud agam-sa sa bhaile a dheanfadh an ceann seo comh deas le ceann ar bith atá i n-Éirinn
Annsin dubhairt an righ go gcaithfeadh sé sin a fhághail do. Dubhairt an Goban go rachfadh sé fhéin abhaile agus go bhfuigheadh sé an rud, acht ní leigfeadh an rí abhaile é. Dubhairt sé go gcuirfeadh sé a mhac fhéin agus fear eile abhaile agus go bhfuigheadh siad an rud a bhí dhith air.
D’imthigh mac an riogh agus an fear eile agus cuireadh an Goban agus a mhac fhéin i bpriosún – Nuair a tháinig mac an Riogh fhad le bean an Ghobain d’innis sé díthe caidé bhí dhith air Dubhairt sise go rabh sin istoigh ins an chómhra agus nach dtiocfadh léithe é fhághail do, “acht” arsa sise, “Tá tusa bréagh fada agus thig leat cromadh síos agus é a fhághail.” Annsin, d’fosgail sí an chómhra agus chrom mac an Riogh síos, agus chaith sise é isteach ‘sa chómhra, agus chuir sí an clár ar an chómhra. Annsin dubhairt sí leis an fhear eile a ghabhail abhaile agus innse do’n righ, nach leigfeadh sise a mhac amach as an chómhra go leigfeadh sé an Goban agus a fear fhéin abhaile arais fhad leithee.
Nuair a chualaidh an rí seo, léig sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEaghartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall