School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 206
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí Ministir 'na comhnuidhe ins na Cealla Beaga tá céad bliadhain ó shoin agus bhí buachall aimsire aige darbh ainm dó Micheál Dubh.”
Bhí Ministir 'na comhnuidhe ins na Cealla Beaga tá céad bliadhain ó shoin agus bhí buachall aimsire aige darbh ainm dó Micheál Dubh. Bhí triúr nó ceathrar de fearaibh eile ag an fhear seo fosda agus bhí siad ag cur suas ballaí dó.
Bhí trí cead punt ag an Mhinistir seo i mbanc i n-Doire agus ba mhaith leis é a fhághail le páighe a thabhairt dó na fir a bhí ag obair dó. Bhí sé a radh i gcomhnuidhe go rachad sé é féin a marcuidheacht agus bhí Micheál an buachall aimsire a radh gach lá go rachad seisean agus go dtabhairfead sé an t-airgead abhaile agus níos mo. Sa deireadh leig an Mhinistir dó Micheál gabhail fa choinne an astair agus thug an Mhinistir an chapall is feárr a bhí aige dó leis an astair a dhéanamh acht ní thabhairfeadh Micheál an chapall maith agus d’iarr sé ar an Mhinistir an chapall is measa a bhí aige a thabhairt dó nó bhí fhios aige go maith go raibh gaduidhe ann san am sin i n-áiteannaí uaigneacha ar an ród. Thug an Mhinisrir an chapall olc dó agus thoisigh sé ar an astair. Nuair a sroic sé Doire chuaidh sé isteach sa bhainc thug páipear(continues on next page)- Collector
- Seaghán O hEigheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Largymore, Co. Donegal